View Entry

Adhmhaidin

CELTIC MEDIA FESTIVAL – RADIO MAGAZINE SHOW ADHMHAIDIN – RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA – 28.03.16 Craoladh an clár Adhmaidin beo ó Theach Saoire Phádraig Mhic Piarais, i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, Luan Cásca, 28 Márta 2016 mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916 agus ag comóradh 30 bliain don chlár Adhmhaidin a tháinig ar an aer don chéad uair Luan Cásca 1986. • Thug an clár imeachtaí na staire agus imeachtaí comhaimseartha le chéile ar aon láthair amháin. Caitheadh súil siar ar eachtraí na staire cead bliain ó shin le staraithe ach fós muid ag éisteacht le scéalta móra na linne seo, idir scéalta áitiúla, náisiúnta, idirnáisiúnta agus iad á léamh ag foireann nuachta an Raidió i gcistin Theach an Phiarsaigh agus á gcraoladh ar fud an domhain beo beithíoch. • Baineadh leas iontach as forbairtí teicneolaíochta nach bhfeadfaí a shamhlú fiú i 1916 nó fiú i 1986 nuair a bunaíodh Adhmhaidin. • Bhí baint mhór freisin leis an gcraoladh ag pobal áitiúil Ros Muc idir óg agus aosta mar bhlaiseadh ar an gcultúr, ar an gceol, prós agus filíocht a shaothraigh agus a shantaigh Mac Piarais. Thug seo freisin léiriú ar an gceangal dílis atá agus a ba chóir a bheith ag Raidio Na Gaeltachta leis an bpobal as ár eascair an stáisiún an chéad lá riamh. • Bhí an clár ceannródaíoch mar gur seo an chéad uair riamh i stair Raidió Na Gaeltachta gur craoladh gach gné den tseirbhis nuachta, cúrsaí reatha agus spóirt in aon chlár amháin ó láthair craoladh seachtrach. • Ba mhór againn an teachtaireacht breá flaithiúil deá mhéine a fuair muid agus a chraol muid mar chuid den eagrán speisialta seo óna Shoilse Uachtarán na hÉireann Mícheál D. O hUigínn. Bhí go leor don phobal a raibh deor lena súile ag éisteacht leis an gcraoladh ón móinín bán ag binn Theach an Phiarsigh agus Forógra na Poblachta á léamh ag duine gar muintireach le Pádraig Mac Piarais.



Festival
Douglas 2017
Title
Adhmhaidin
Title in English
n/a
Entry Category
Radio Magazine Show
Produced By
RTE Raidió na Gaeltachta
Producer
Pól Mac Donncha
Directed By
Neasa Ní Chualáin
Production Partners
n/a
Writer
n/a
Broadcaster
RTE Raidió na Gaeltachta