Manglam Ceoil
Manglam Ceoil Rogha ceoil as an tír seo agus tíortha uile an domhain, i dteangacha uile an domhain, a bhíonn le cloisteáil sa chlár seo agus tá saoirse iomlán ag an láithreoir, Rónán Mac Aodha Bhuí maidir leis an rogha ceoil. Más maith leat ceol domhanda, is fiú go mór cluas a thabhairt don chlár seo a bhíonn le cloisteáil oíche Dé hAoine. Tá dúil fiánta ag Rónán Mac Aodha Bhuí sa cheol, agus ar an gclár seo bíonn deis aige cuid den bhailiúchán ollmhór ceoil atá cnuasaithe aige thar na mblianta a chasadh dá chuid éisteoirí. Tapaíonn sé an deis ceol nua a chur ina láthair nach mbeadh cloiste acu mórán in áiteanna eile ar an raidió roimhe seo. Bíonn ceol ó leithéidí Ammar 808, Les Sympathics De Porto Novo, Ignace De Souz And The Melody Aces, Anthony Joseph, Vinicio Caposella, Abelardo Barroso, Xyloruris White, Dona Onete, Orquesta Akokán, Imarhan Timbuktu, gan ach cuid an-bheag a lua. Meascán iontach, agus láithreoir atá paiseanta faoin ábhar. Manglam Ceoil gach Aoine ag 9 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
- Festival
- Aviemore 2019
- Title
- Manglam Ceoil
- Entry Category
- Radio Music Programme (Live)
- Produced By
- RTE Raidió na Gaeltachta
- Producer
- Rónán Mac Aodha Bhuí
- Directed By
- Rónán Mac Aodha Bhuí
- Broadcaster
- RTE Raidió na Gaeltachta